Banríon na Fichille


Una O'Boyle

ICU Public Relations Officer Úna O Boyle (Timire na gCluichí) keeps the men in order in the Mansion House during Comórtas Fichille Cúige Laighean (Garry Kasparov's visit to Ireland 2014).
Camera Crews in the Mansion House for Comórtas Fichille Cúige Laighean 2014 (during Garry Kasparov's visit to Ireland).

Cé go raibh cáil bainte amach ag Úna cheana féin i saol an cheoil (i 1997 bronnadh Gradam Ceoil Hot Press Heineken uirthi as a cuid oibre leis an disreach ceoil Hyper[Borea]), anois tá sí tar éacht eile a dhéanamh – an chéad leabhar faoin gcluiche ársa sin Ficheall as Gaeilge a scríobh. Rugadh agus tógadh Úna i nDamhliag, Co. na Mí. Thosaigh laethanta oibre Úna mar Dhearthóir Táirgí i Nua Eabhrac, i Londain agus i mBaile Átha Cliath. Nuair a tháinig glaoch an cheoil chuici ní fada go raibh domhain an Ealaíontóra fágtha ar gcúl aici.

I 1997 bronnadh Gradam Ceoil Hot Press Heineken uirthi as a cuid oibre leis an dísreach ceoil Hyper[Borea], a raibh dearcadh nuálaíoch á chur chun tosaigh acu ina gcuid ceapadóireachtaí ceoil. Tar éis cúpla dlúthcheirnín ó Hyper[Borea] lean Úna le turas ceoil dá cuid féin agus tugadh “one of Ireland’s great voices” uirthi ag an bpointe sin.

Timpeall an ama seo d’fhill Úna ar an bhFicheall. Mhúin a hathair Enda, an ficheall di nuair a bhí sí níos óige ach bhrúigh cúrsaí staidéir agus scolaíochta an ficheall i leataoibh go ceann roinnt blianta. Chonacthas bua na fichille inti agus í ina páiste, ach mar is dual do dhéagóirí tháinig nithe ‘níos tábhachtaím’ isteach ina saol, agus lig sí maidí na fichille le sruth ar feadh scathaimh. Fuair Úna blas ar an bhficheall arís cúpla bliain ó shin agus thosaigh sí ag glacadh páirte i gcomórtais thart ar an tír. Ag an am seo chomh maith thosaigh Úna ag múineadh fichille i nGaelscoileanna. Ins na ranganna is ea a thosaigh síol an leabhair seo ag borradh agus ag fás.

Agus í i mbun a cúraimí teagaisc tuigeadh di nach raibh aon fhoinse eolais ar bith ann sa Ghaeilge maidir le himirt fichille de, taobh amuigh de chorrthéarma i bhfoclóir agus tagairtí sa litríocht. Is dá bharr sin a tháinig an saothar seo ar an saol.

Idir an dá linn, i 2008, roghnaíodh Úna ar fhoireann ban na hÉireann do chomórtas Oilimpiad na fichille i nDresden na Gearmáine. Ba ansin a ghnóthaigh sí an gradam ‘Ábhar Máistir Mná’/WCM (= Woman’s Candidate Master) mar thoradh ar a chruthaigh sí le linn an chomórtais.

Imbolc 2012: Banríon na Fichille

Agus (as Bearla)

Una - a profile on Nationwide, RTE 1



Part of the Women in Irish Chess series.


Created 2020-11-23 ◦ Last updated 2020-11-23 ◦ Editor DB


New Search
© 2004-2024 Irish Chess Union ● Contact UsPrivacy Policy